← Ós rud é nach mórán muiníne agam as cha dtug mé dó ach breaceolas agus bréaga, agus tuairimí leathcheannacha. 🔊✎
← Duine acu seo a bhí ann, a dúirt sé, a bhí ábalta rud ar bith a chur chun somhaoine dó féin. 🔊✎
← Bhí fir phaca aige a théann thart ag díol éadaigh i mbailte scoite an tsléibhe, bhí mná ag cniotáil dó cois teallaigh, bhí dream eile ann a dhéanann páipéar dó. 🔊✎
← Thairg mé buidéal leanna a cheannach dó agu sba eisean féin nár dhiúltaigh an deoch. 🔊
← Cha raibh an buidéal ina lámh aige i gceart gur ól sé a raibh ann d'aon slog cíocrach amháin D'ofráil mé an dara buidéal dó agus ach oiread leis an chéad cheann char chuir sé suas dó. 🔊✎
← Nuair a d'ordaigh mé an tríú buidéal leanna don tslogaire seo - bhí a chuid airgid féin, a dúirt sé, chóir a bheith reaite i ndiaidh dó díolaíocht a thabhairt dá chuid oibrithe anseo sna conic, ach in Kathmandu dhéanfadh sé an comhar a íoc liom faoi thrí. 🔊
← Sa chluiche seo, gheall mé dó, bheadh an cúig deireanach agamsa. 🔊✎
← I ndiaidh dó mé a mholadh is a mhóradh thug sé na sála leis chun na leapa. 🔊✎
← Bhainfí croitheadh ceart as nuair a chuirfí ar a shúile dó i mbanc nó i mbiúró in Kathmandu nach raibh ina charnán lire ach sop gan luach. 🔊✎
← Beidh sé ag téamh ina chuid fola agus an éirí de thalamh le fearg nuair a thuigfear dó gur buaileadh bob air. 🔊✎